Thosaigh Seachtain na Gaeilge, i Scoil Naomh Cilín inniú. Bhí Tráth na gCeist ag gach rang sa leabharlann ar maidin. Beidh gniomhaíochtaí i rith na seachtaine – Bingeo, cluichí loop, cuardach focail, Deir Ó Grádaigh, searáidí…. Ar an Déardaoin beidh Caife Cilín sa halla. Seacláid te, ispíní, deochanna, milséan agus cairéid.

















